Iósua 6:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Agus iomchoruid móirsheasar sagart seacht ttrumpuidhe dadharcuibh reitheadh roimhe a náirc: agus ar an seachdmhadh lá timcheoltaoi an chathair seáchd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuidhe. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19814 Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí. Féach an chaibidil |
Uimesin glacuidh chugaibh anois seachd mbulóga agus seachd reithe, agus éirghidh a cceann mo shearbhfhoghantuigh Iób, agus ofraluidh súas ar bhur son féin íodhbuirt loisge; agus gúidhfidh mo shearbhfhoghantuigh Iób ar bhur son: óir glacfuigh misi leis: deagla go ndéanuinn ribh do réir bhur leimhe, do chionn nar labhrabhair orum an ní is ceart, mar mo shearbhfhoghantuigh Iób.
Agus do imthigheadar móirsheisear sagart ag iomchar sheachd stoc dadharcuibh reitheadh roimhe aírc an TIGHEARNA ar a naghuidh a ccomhnuidhe, agus do sheídeadar na stuic: agus na dáoine armtha ag imtheachd rompa; ach tangadar a ndeireadh a ndiáigh aírce an TIGHEARNA, na sagairt ag gabháil rompa, agus ag séideadh na stoc.