Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:24 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus do loisgeadar an chathair le teinidh, agus a nuile ní dá raibh inte: amháin do chuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóithighe práis agus íaruinn, a nionmhus thighe an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:24
13 Tagairtí Cros  

A núair do innisiodar sin do Dháibhi, do chuir sé aírrcís orra, do chionn go raibh náire mhor ar na daoinibh: agus a dubhairt an righ riú, Fanuidh ann Iericho nó go bhfásuidh bhur bhféasóga, annsin filligh.


Agus do loisg se tigh an TIGHEARNA, agus tigh an rígh, agus tighthe Ierusalem uile, agus tigh gach éanduine mhóir do loisg sé lé teine.


Do choisrig Dáibhi rígh íad sin mar an ccéadna don TIGHEARNA, maille ris a nór agus ris a nairgiod thug sé as na críochaibhsa uile; ó Edom, agus ó Mhóab, agus ó chloinn Ammon, agus ó na Philistinibh, agus Amalec.


Agus do loisceadar a gcaithreacha uile, ionar áitreabhadar, agus a gcaisléin sgíamhacha uile le teinidh.


Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i.


Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh;


¶ Ach do chaíthreachuibh na muintiresi, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd, ní shaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


Agus do bhuaileadar a raibh danmannuibh inte lé fáobhar an chloidhimh, ga scrios uile: níor fágbhadh áon díobh do tharruing anála: agus do loisg sé Hásor le teinidh.


Achd a nuile airgiod, agus ór, agus soighthighe práis agus íaruinn, atáid coisrigthe don THIGHEARNA: tiucfuid a nionnmhus an TIGHEARNA.


Agus dó chumhdaigh Iosua Rahab án mhéirdreach béo, agus muinntir tighe a hathar, agus a raibh aice uile; agus áitreabhuigh sí an Israel gus a niugh; do chionn gur fholuigh sí na teachda, do chuir Iosua do bhrath Iericho.


Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráth, áit fhásuigh gus a niugh.


Agus na deich nadhárca do chonnairc tú air a nainmhídhe, biáidh fúath aca don mheirrdrigh, agus fúigfid fásuighe nochduighe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.


Uime sin a náon lá amháin tiucfuid a plágha, bás agus doilgheas, agus gorta; agus loisgfighthear í ré téine: óir is neartmhar an Tíghearna Día bhéuras breath dhamnuighe uirrthe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí