Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus do loisgeadar an chathair le teinidh, agus a nuile ní dá raibh inte: amháin do chuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóithighe práis agus íaruinn, a nionmhus thighe an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:24
13 Tagairtí Cros  

Nuair a insíodh an scéal do Dháiví, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir. “Fanaigí in Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg aris, agus tagaigí ar ais ansin.”


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Rinne Dáiví rí iadsan go léir a choisreacan don Tiarna mar aon leis an airgead agus leis an ór a rinne sé a thobhach ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige: Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic.


Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir.


Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.


Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -


Maidir le cathracha na gciníocha úd atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ná déan anacal anama ar aon ní beo,


Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.


An t‑airgead agus an t‑ór go léir, na gréithe cré-umha agus iarainn go léir, tá siad tíolactha don Tiarna agus ní foláir iad a chur i gciste an Tiarna.”


Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.


Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.


Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,


Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí