Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iosua, Féuch, thug mé Iericho ad láimh, agus a righ, agus a dháoine curata a ngaisgidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:2
20 Tagairtí Cros  

Do chomhairligh Dáibhi ris an TTIGHEARNA, dha rádh, An racha mé súas chum na Bhphilistíneach? an seachoda tusa am laímh íad? Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi, Imthigh súas: óir gan amharus do bhéara misi na Philistinigh ad laimh.


Mar sin do chúadar an chlann a steach agus do shealbhuigheadar an dúithche, agus do chlaóidh tusa dhóibh áitreabhuigh na tíre, na Canaanitigh, agus thug tú iona lámhuibh íad, maille re na ríghthibh, agus re dáoinibh na tíre, go ndéindis ríu mar do thoigeóraidis féin.


Agus áthruighidh sé na haimseara agus na huáine: áthruighidh sé ríghthe, agus cuiridh sé ríghthe súas: do bheir sé eagna do na daóinibh glioca, agus eólus don mhéid aithnighios tuigsi:


Agus a láethibh na ríogh so cuirfidh Día neimhe rioghachd súas, nach scriosfuighear go bráth: agus ní fúigfighear an rioghachd ag daóinibh oile, achd brisfidh sí iona codchuibh agus díbeoruidh na rioghachda uile, agus seasfuidh sí go brath.


Is lé hórdughadh na bhfear faire atá an chúis si, agus an tíarratus lé bréithir na náon náomhtha: chor go mbí a fhios aig an mbeó go ríaghluighionn an té is ro Airde a rioghacht na ndaóine, agus go ttabhair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóinibh.


Agus meastar uile áitreabhthuigh na talmhan amhuil neimhní: agus do ní seision do réir a thola féin ar shlúagh neimhe, agus a measc áitreabhthach na talmhan: agus ní fhéadann duine ar bioth a lámh do chosg, nó a rádh ris, Cred do ní tú?


Thusa a rígh, thug an Día is ro áirde dot athair Nebuchadnessar rioghachd, agus mordhachd, agus glóir, agus onóir:


Agus do bhéuruidh sé a ríghthe ann do láimh, agus sgriosfa tú a nainm ó bheith faói neamh: ní thiucfa do dhuine ar bhith seasamh romhad, nó go sgriosfa tú íad.


Rígh Ierícho áon; rígh Aí, noch atá láimh ré Betel, áon;


Agus a dubhradar re Iosua, Go deimhin thug an TIGHEARNA an tir uile ionar lámhuibh; óir atáid duthchusuidh na tíre uile ag dul a nanbhfainne re eagla romhuinn.


Agus a dubhairt ris na dáoinibh, Atá a fhios agum go ttug an TIGHEARNA an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuamhan oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh na tíre eile air bhur son.


Do labhair an TIGHEARNA mar an gcéadna ré Iosua, gha rádh,


Annois do híaghadh Iericho súas go daingion air eagla chloinne Israel: ní rachadh éanduine amach, agus ní thiagh éanduine a steach.


Agus timcheoltaoi an chathair, sibhsi a luchd cogaidh uile, agus éirgidh timchioll na caithreach éanuair amháin. Do dhéana tú mar so sé lá.


Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Na bíodh eagla ort, agus ná húamhnuighear thú: beir leachd na fir coguidh uile, agus éirigh, imthigh súas go Hái: feach, thug misi ad láimh rí Aí, agus a dhaóine, agus a chathair, agus a dhúithche:


Agus thug an TIGHEARNA Día Israel Sihon agus a dháoine uile a láimh Israel, agus do bhuileadar íad: mar sin do shealbhuigh Israel iomlán dúithche na Namoriteach, dúthchusaigh na tire sin.


Nach sealbhochaidh tusa an ní noch do bheir do dhía Chemos duit re shealbhughadh? Mar sin gidh bé a rbith chuirfeas ar TTIGHEARNA Día fein amach romhuinne, sealbhochuim íad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí