Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:27 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Mar sin do bhí an TIGHEARNA re Iosua; agus do chúaidh a chlú ar feadh na críche uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Bhí an Tiarna fara Iósua agus leath cáil Iósua faoin tír ar fad.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:27
22 Tagairtí Cros  

Ach do bhí an TIGHEARNA re Ioseph, agus do thaisbéin grasa dhó, agus tug fabhar dhó a lathair fhircoimhéud an phríusúin.


Agus do bhí mé maille leachd ann gach uile bhall ar ghabh tú, agus do ghearr mé amach do naimhde uile as do radharc, agus do rinne mé ainm mór dhíot, cosmhuil re hainm na ndaóine móra atá ar an ttalumh.


Agus do chuáidh Dáibhi amach fá na críochuibh uile; agus thug an TIGHEARNA a eagla air gach uile chrích.


Oir bá mór Mordecai a ttigh an rígh, agus do chuáidh a chlú amach ar feadh na nuile phroibhinnseadh: óir dfás an duinesi Mordecai ní sa mhó agus ní sa mhó.


Fa a námsin do chúalaidh Iórúaith an Téatrarca clú Iósa,


Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.


Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.


Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád.


Grása an Tighearna Iósa Críosd, agus grádh Dé, agus cumann an Sbioruid Náoimh, maille ribh uile. Amén.


Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.


Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.


Go raibh an Tíghearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása maille ribh. Amén.


¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


Agus tárla, a nuáir do chúaladar na ríghthe uile do bhí don taóibhsi do Iordan, air na slebhtíbh, agus air na gleantuibh, agus ar imlibh na fairge móire uile thall as coinne Lebanon, na Hititigh, agus na Hamoritigh, agus na Cananítigh, agus na Perissítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh;


¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái,


A dubhradarsan ris, O thír ró fhada uáit thangadar do sheírbhísigh ar son anma do THIGHEARNA Dé: óir do chúalamar a chlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,


Agus do bhí an TIGHEARNA re Iúdah; agus do dhíbir sé amach áitreabhuigh an tsléibhe; achd níor fhéad sé áitreabhuigh an ghleanna do dhíbirt, do chionn go raibh carbuid íaruinn aca.


Agus do iomchair Dáibhi e féin go glic iona shlighthibh uile; agus do bhí an TIGHEARNA maille ris.


Uime sin a deir TIGHEARNA Día Israel, A dubhairt mé go deimhin go siobhóladh do thighse, agus tigh hathar, am fhiadhnuisi go bráth: acht anois a deir an TIGHEARNA, Bíodh sin a bhfad uáim; óir an luchd onóruighios mé a síad do dhéansa onórughadh, agus an luchd tharcuisnighios mé budh bheag a meas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí