Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin.
Matha 9:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht thionntuigh Íosa thart, agus chonnaic sé í, agus dubhairt: A inghean, glac misneach, rinne do chreideamh slán thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.) Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. An Bíobla Naofa 1981 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. |
Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin.
Agus do smachtuigh Íosa an deamhan; agus d’imthigh sé as: agus do bhí an buachaill slán ó’n uair sin amach.
Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin.
Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Annsin do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus adubhairt sé, Go ndéantar daóibh de réir bhúr gcreidimh.
Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair tháinig a radharc dó, agus do lean sé é sa tslighe.
Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin, agus bí slán ód’ ghalar.
Agus adubhairt sé leis, Éirigh agus imthigh leat: do shlánuigh do chreideamh thú.
Agus adubhairt sé leis an mnaoi, Do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin.
Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin.
Do bhí a fhios ag an athair annsin gur le linn na h‐uaire sin adubhairt Íosa leis, Atá do mhac beo: agus do chreid sé féin agus a líon tighe uile.
Do bhí an duine seo ag éisteacht le Pól ag cainnt: agus nuair do dhearc seisean go grinn air, agus thug sé fá deara go raibh creideamh chum a shlánuighthe aige,
Agus do bhí sí g‐á dhéanamh sin ar feadh mórán laethe. Acht do ghoill sin ar Phól, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an spioraid, Órduighim duit i n‐ainm Íosa Críost teacht amach aisti. Agus tháinig sí amach an uair chéadna sin.
Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.