Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eabhraigh 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Bíodh eagla orainn, d’á bhrigh sin, chómh fada agus fágthar an gheallamhain chum dul isteach ’n‐a shuaimhneas, a mheas gur theip ar aon duine agaibh breith uirthi.

2 Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.

3 Óir sinne do chreid téighmíd isteach san tsuaimhneas sin: fá mar dubhairt sé, Mar mhionnuigheas im’ dhíbheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas: bíodh go raibh na h‐oibreacha críochnuighthe ó thosach an domhain.

4 Óir do labhair sé fá’n seachtmhadh lá i n‐áit éigin ar an gcuma so, Agus do rinne Dia suaimhneas ó n‐a oibreachaibh uile an seachtmhadh lá;

5 agus annso arís, Ní rachaidh siad isteach im shuaimhneas.

6 Uime sin ó tá sé i ndán do dhaoinibh áirithe dul isteach ann, agus gur theip ar na daoinibh gur craobhscaoileadh an soiscéal dóibh roimhe sin dul isteach ann mar gheall ar easumhlacht,

7 ainmnigheann sé lá eile arís, g‐á rádh tré Dháibhí, tar éis aimsire chómh fada sin, Indiu, mar adubhradh cheana, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná cruadhuighidh bhur gcroidheacha.

8 Óir dá mbéadh suaimhneas tugtha ag Iósua dóibh, ní luadhfadh sé lá eile ’n‐a dhiaidh sin.

9 Uime sin fágthar suaimhneas sabóide ag pobal Dé.

10 Óir an té do chuaidh isteach ’n‐a shuaimhneas, do scuir sé ó n‐a oibreachaibh, fá mar scuir Dia ó n‐a oibreachaibh‐sean.

11 Uime sin déanaimís dícheall chum dul isteach san tsuaimhneas sin, ar eagla go dtuitfeadh aon duine ’n‐a leithéid sin d’easumhlacht.

12 Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe.

13 Agus ní fhuil éinnidh d’ár cruthuigheadh nach bhfuil soiléir os cómhair a shúl; acht atá an uile nidh nochta, lán‐fhoscailte roimh shúilibh an té go bhfuil cunntas againn le déanamh leis.

14 D’á bhrigh sin, ó tá árd‐shagart mór do chuaidh tré na flaitheasaibh againn, Íosa Mac Dé, congbhuighmís ár gcreideamh go daingean.

15 Óir ní fhuil árd‐shagart againne nach bhféadann cómhfhulang le n‐ár laige; acht is amhlaidh do cuireadh airsean ar cuireadh de chathuighthibh ariamh orainne, acht amháin gan peacadh do dhéanamh.

16 D’á bhrigh sin déanaimís dánacht ag druidim le righ‐chathaoir an ghrása, chum tróchaire agus grása d’fhágháil chum conganta linn i h‐uair an ghábhaidh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí