Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:50 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Agus adubhairt sé leis an mnaoi, Do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Agus dúirt sé leis an mbean, “Shlánaigh do chreideamh thú; imigh leat i síocháin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Agus dubhairt sé leis an mhnaoi: Rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Agus a dubhairt sé ris an mnáoi, Do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

50 Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:50
15 Tagairtí Cros  

Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.


Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair tháinig a radharc dó, agus do lean sé é sa tslighe.


Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin, agus bí slán ód’ ghalar.


Agus adubhairt sé leis, Éirigh agus imthigh leat: do shlánuigh do chreideamh thú.


Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú.


Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin.


D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.


óir do bhí inghean amháin aige agus í tuairim dhá bhliadhain déag d’aois, agus do bhí sí ’n‐a luighe i riochtaibh báis. Acht sa tsiubhal dó do bhí an sluagh ag brúghadh air.


Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí