agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad.
Matha 8:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé a lámh uirthi, agus d’imthigh an fiabhras dí: agus d’éirigh sí, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus dʼfhág an fiabhras í, agus dʼéirigh sí aníos go ndearna freastal air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rug sé ar láimh léi, agus d’imthigh an fhiabhras dí; agus d’éirigh sí agus rinne freastal ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé a lámh ar a láimh, dʼfhág an fiabhras í, mʼéirigh sí agus rinne sí freastal air. An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air. |
agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad.
Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é.
Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair, do chonnaic sé máthair a chéile ’n‐a luighe, agus fiabhras uirthi.
Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite:
Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.
Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,
Annsin do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus adubhairt sé, Go ndéantar daóibh de réir bhúr gcreidimh.
Ar n‐imtheacht as an tsionagóig dóibh, thángadar isteach i dtigh Shíomóin agus Aindriais, i n‐éinfheacht le Séamas agus le h‐Eoin.
Agus thug Íosa truagh mhór dó, agus do shín sé amach a lámh agus do chuir sé air í, agus adubhairt; Is toil liom é; bí glan.
Acht do rug seisean ar láimh uirthi, agus do ghlaodh sé os árd, A chailín, éirigh.