Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 14:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 agus dʼiarr siad air ligean dóibh gan ach a lámha a leagan ar fhrainse a fhallainge; agus slánaíodh ar leag lámh air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus d’iarr siad air leigin dóibh baint fiú amháin le feaithim a éididh. Agus an méid a bhain, rinneadh slán iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus do chuireadar impidhe air go mbáinfidís lé himeal a éaduigh amháin: agus an mhéid díobh do bhean do slánaigheadh íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 agus bhí siad dá iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus a oiread díobh agus a chuir, leigheasadh iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:36
15 Tagairtí Cros  

Agus nuair d’aithnigh muinntear na h‐áite sin é, do chuireadar fios ar fud na dúithche sin ar fad, agus thugadar chuige gach a raibh breoite;


Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,


óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis.


Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.


Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air.


Agus do bhí an sluagh go léis ag iarraidh cuimilt leis: óir do bhí cumhacht ag teacht amach uaidh do shlánuigh iad go léir.


Gach a dtugann an t‐Athair dhom, tiocfaidh sé chugam, agus an té thig chugam ní chuirfidh mé uaim é ar chor ar bith.


Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?


Agus de bhárr creidimh ’n‐a ainm‐sean thug a ainm neart do’n duine seo, do‐chí sibh agus aithnigheas sibh: agus is é an creideamh tríd thug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur bhfiadhnaise rómhaibh go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí