Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 7:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheo­bhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

Féach an chaibidil



Matha 7:2
19 Tagairtí Cros  

Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna;


Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire do’n méid chloiseas sibh: an tómhas ’n‐a dtómhaiseann sibh, is é sin an tómhas ’n‐a dtómhaisfear chugaibh: agus do‐bhéarfar tuilleadh dhaoibh.


maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh.


Agus cuimhnighidh air seo, An té chuireas go gann, is gann bhainfeas sé; agus an té chuireas go fial, is fial bhainfeas sé.


Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas.


Cúitighidh‐se léi do réir mar chúitigh sise libh, agus tabhraidh dhá oiread dhi agus thug sise dhaoibh: meascaidh‐se dhi go dúbalta san gcupán ’n‐ar mheasc sise.