2 Corantaigh 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I dtaobh friothálmha na naomh, ní gábhadh dhom scríobhadh chugaibh: 2 óir is eol dom a thoilteanaighe atá sibh, go mbím ag déanamh maoidhmeachais ’n‐a thaobh asaibh le muinntir na Maiceadóine, go bhfuil Acháia ullamh le bliadhain anuas: agus do bhrostuigh bhur ndíoghrais an chuid is mó aca. 3 Acht atáim ag cur na mbráthar, chum nach maoidhmheachas i n‐aisce do bhéadh againn asaibh san gcás so: chum go mbéadh sibh ullamh, mar tá ráidhte agam: 4 ar eagla, má thagann Maiceadónaigh i n‐éinfheacht liom, agus go bhfaighidh siad sibh gan bheith ullamh, go náireochaidhe sinn (gan sibh‐se do luadh) fá mhéid na muinighne seo. 5 Uime sin do mheasas gurbh éigean a impidhe ar na bráithribh dul chugaibh‐se ar dtús, agus an bronntanas do bhí geallta agaibh do chur i dtreo roimh ré, chum go mbéadh sé ullamh, ní mar bhéadh sainnt, acht mar bhéadh féile ann. 6 Agus cuimhnighidh air seo, An té chuireas go gann, is gann bhainfeas sé; agus an té chuireas go fial, is fial bhainfeas sé. 7 Tabhradh gach aoinneach do réir mar tá ceaptha ’n‐a chroidhe aige, gan bheith doicheallach, ná gan dul i n‐éadan a thola, óir is geal le Dia an té bhronnas go fáilteach. 8 Agus is féidir le Dia bhur líonadh de’n uile ghrás; chum, ar mbeith bhur sáith de gach nidh i gcómhnaidhe agaibh, go mbéidh acfuinn chum gach deagh‐ghnó agaibh: 9 mar tá scríobhtha, Do scaip sé go fial, do bhronn sé ar bhochtaibh; Maireann a fhíréantacht de shíor. 10 Agus an té do‐bheir síol do’n tsíoladóir agus arán mar bhiadh, soláthróchaidh agus méadóchaidh sé síol chum curtha dhaoibh, agus méádóchaidh sé toradh bhur bhfíréantachta: 11 ar mbeith dhaoibh saidhbhir ar gach slighe chum gach féile, go dtagann mór‐bhuidheachas do Dhia trínne as. 12 Óir ní h‐é amháin go bhfóireann miniostrálacht an chonganta so ar riachtainisibh na naomh, acht leanann mórán buidheachais do Dhia d’á bhárr; 13 agus mar gheall ar an dearbhadh do‐bheir an congnamh so, molann siad Dia as ucht bhur n‐umhlachta do shoiscéal Chríost admhuigheas sibh, agus as ucht fairsinge bhur dtabhartais dóibh‐sean agus do’n uile dhuine; 14 agus san urnaighe dhóibh ar bhur son, leis, bíonn grádh aca dhaoibh as ucht mór‐ghrása Dé atá ionnaibh. 15 Buidheachas do Dhia as ucht a thíodhlaice do‐innste. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society