Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheo­bhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:2
19 Tagairtí Cros  

Agus do fhreagradarsan an rígh, An duine darguinn sinn, agus do tionnscuin ar naghaidh dar léir‐sgrios go nach bíadh duine dhínn a ccrích ar bith Disrael,


Mar do ghradhuigh sé easgaine, agus tigeadh si air: mar nach raibh dúil aige a mbeannughadh, bíodh sin a bhfad úadh.


Súil ar shúil, fíacal ar fhíacuil, lámh ar láimh, cos ar chois.


A mhairg dhuitsi noch airgios, agus nach ar hairgeadh thú; agus do ní go fealltach, agus nach déarnadar go fealltach riot! a nuáir scuirfeas tú do mhillteachus, millfighear thú; agus a nuáir scuirfios tú do dhéanamh go fealltach, do dhéanaid síadsan go fealltach riotsa.


Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Níor éisteabhair riomsa, a bhfógra saóirse, gach áonduine dá dhearbhrathair, agus gach áonduine da chomharsuin: feuchuidh, fúagruimsi saoirse dhíbh, a deir an TIGHEARNA, chum an chloidhimh, chum ná pláighe, agus chum na gorta; agus dó bhéara mé fa deara bhur nátharrughadh do na huile rioghachta san domhan.


Agus cúiteocha mé ris an Mbabilóin agus ré uile áitreabhthachaibh na Caldea a nuile olc dá ndeárnadar ann Sion ad radharcsa, a deir an TIGHEARNA.


Oír atá lá an TIGHEARNA a bhfogus air na geintibh uile: mar do rinne tusa, do dhéantar amhluidh riot: iompocha do luáidheacht air do chionn féin.


Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna:


Agus a dubhairt sé ríu, Tabhruidh dá bhur naire créd é an ní úd chluintí: gidh bé miosúr an a dtoimheósdáoi, toimheósdar chugaibh é: agus do bheurthar tuilleadh dháoibhsi atá ag éisdeachd.


Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.


Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.


Oír breitheamhnus gan trócaire, don tí nach dearnadh trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeachas a naghuidh an bhreitheamhnuis.


Tuguidh dhi do réir mar thug sise dhíbhse, agus tuguidh dhi go dúbalta de réir a gníomhartha: líonuidh dhi go dúbalta an cupán do líon sise dhíbhse.


Agus a dubhairt Adonibésec, Trí fichthid agus deich rígh dar beanadh ordóga a lámh agus a gcos diobh, do chruinnigheadar a mbíadh fáoi mo bhórdsa: mar do rinne misi, is mar sin thug Día dioghaltas orm. Agus thugadar leó é go Hierusalem, agus fúair sé bás ann sin.


Dumhluigh sé agá cosuibh, do thuit sé, do luigh se síos: aga cosuibh do umhluigh sé, do thuit sé: mar ar chláon sé, annsin do thuit sé síos marbh.


Agus a dubhaírt Samuel, Mar do rinne do cloidheamhsa mná gan chloinn, mar sin bhías do mhathairsi gan chloinn a measc na mban. Agus do gheárr Samuel Agag na chotchannuibh a lathair an TIGHEARNA a Ngilgal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí