Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Tar éis na neithe seo do chonnacas aingeal eile ag teacht anuas ó neamh, agus cumhacht mhór aige; agus do lonnruigh an talamh le n‐a ghlóir.

2 Agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, g‐á rádh, Tuitthe! tuitthe! atá sí tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, agus atá áitreabh deamhan déanta dhi, agus uachais do gach spiorad neamh‐ghlan, agus carcair do gach éan neamh‐ghlan, adhfhuathmhar.

3 Óir atá na cinidheacha go léir tuitthe ar lár de dheascaibh fíona díbheirge a drúise; agus do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus d’éirigh ceannaidhthe an domhain saidhbhir de bhárr a sadhaile.

4 Agus do chualas glór éile ó neamh, g‐á rádh, Tagaidh amach aisti, a phobail liom, chum nach mbéidh aon roinn libh ’n‐a peacaidhibh, agus nach dtógfaidh sibh cuid d’á pláighibh:

5 óir atá a peacaidhe ’n‐a gcarn go neamh, agus do chuimhnigh Dia ar a míghníomarthaibh.

6 Cúitighidh‐se léi do réir mar chúitigh sise libh, agus tabhraidh dhá oiread dhi agus thug sise dhaoibh: meascaidh‐se dhi go dúbalta san gcupán ’n‐ar mheasc sise.

7 Dá mhéid dár éirigh sí mórtasach, sáitheach i sadhaile, tabhraidh‐se dhi an oiread céadna de chiapadh agus de dhoilgheas: óir adeir sí ’n‐a croidhe, Atáim im’ shuidhe im’ bhainrioghain, ní baintreabhach mé, agus ní fheicfead lá bróin.

8 Ar an adhbhar sin, san aon lá amháin, tiocfaidh a pláigheanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóighfear í ar fad le teinidh, óir is láidir é an Tighearna Dia thug breitheamhnas uirthi.

9 Agus righthe an domhain do chleacht drúis léi, agus do chaith a saoghal i sadhaile i n‐éinfheacht léi, béidh siad ag gol agus ag caoineadh mar gheall uirthi, ar amharc dóibh ar dheatach a dóighte,

10 ’n‐a seasamh dhóibh i bhfad uaithi le crith‐eagla mar gheall ar a ciapadh, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór, Baibiolóin, an chathair thréan! óir i n‐aon uair amháin atá do bhreitheamhnas tagtha ort.

11 Agus atá ceannaidhthe an domhain ag gol agus ag caoineadh mar gheall uirthi, toisc gan duine bheith ann cheannóchas a thuilleadh d’á luchtaibh:

12 luchta óir agus airgid, agus cloch luachmhar, agus péarlaí, agus línéadaigh mhín, agus corcra, agus síoda, agus caoir‐dheirge; agus gach saghas adhmaid liomóide, agus gach saghas soithigh déid, agus gach saghas soithigh atá déanta d’adhmad luachmhar, agus d’umha, agus d’iarann, agus de mharmar;

13 agus cainéal, agus spíosraí, agus balsam, agus miorr, agus túis, agus fíon, agus mion‐phlur, agus cruithneacht, agus eallach, agus caoirigh: agus capaill agus carbaid, agus cuirp agus anmanna daoine.

14 Agus na tortha gur chuir t’anam dúil ionnta, atá siad imthighthe uait, agus atá gach uile nidh glé‐mhaiseach, glórmhar, imthighthe uait, agus ní bhfaighfear iad arís go deoidh.

15 Ceannaidhthe na neithe seo d’éirigh saidhbhir tríthi, seasóchaidh siad i bhfad uaithi, ar eagla a ciaptha, ag gol agus ag déanamh bróin:

16 g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mór do bhíodh clúduighthe le línéadach mín, agus le corcra, agus le h‐éadach caoir‐dhearg, agus do bhíodh maisighthe le h‐ór, agus le seodaibh luachmhara, agus le péarlaibh!

17 óir i n‐aon uair amháin do scriosadh an mór‐shaidhbhreas úd. Agus gach caiptín luinge, agus gach duine do‐ghní maraidheacht, agus gach fuireann luinge, agus gach dream do‐ghní tráchtáil mara, d’fhanadar ’n‐a seasamh i bhfad uaithi,

18 agus do ghlaodhadar amach, ar dearcadh dhóibh ar dheatach a dóighte, g‐á rádh, Cia an chathair do bhí cosmhail leis an gcathair mhóir seo?

19 Agus do chaitheadar luaithreadh ar a gceannaibh, agus do liúghadar, ag caoineadh agus ag déanamh bróin, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór mar ar éirigh an uile dhuine ag a raibh loingeas ar muir acfuinneach de bhárr a saidhbhris mhóir! óir i n‐aon uair amháin do scriosadh í!

20 Déanaidh gáirdeachas mar gheall uirthi, a fhlaitheasa, agus a naomha, sibh‐se a abstala agus sibh‐se a fháidhe; óir atá díoghaltas déanta uirthi ag Dia dhaoibh.

21 Agus do thóg aingeal tréan‐láidir cloch do bhí cosmhail le cloich mhóir mhuilinn, agus do theilg sé isteach san bhfairrge í, g‐á rádh, Mar seo is eadh leagfar go tréan‐adhbhal Baibilóin, an chathair mhór, agus ní bhéidh sí le fágháil arís go deoidh.

22 Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoidh; agus ní bhéidh ceárdaidhe de cheird ar bith le fágháil ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoidh;

23 agus ní bhéidh solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear guth an fhir nua‐phósta, ná guth mná nua‐phósta ionnat arís go deoidh: óir ba iad daoine móra na talmhan do cheannaidhthe; agus is led’ dhraoidheacht do mealladh na cinidheacha go léir.

24 Agus is innti‐se fríth fuil na bhfáidh agus na naomh, agus fuil ar marbhadh ar domhan.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí