Matha 5:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus muna mbeannuighidh sibh acht amháin do bhur mbráithre, cad é bhíos dá dhéanamh thar an choitcheann agaibh? Nach ndéan na págánaigh féin sin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? An Bíobla Naofa 1981 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? |
Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.
Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin?
Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht.
Agus má bheir sibh grádh dhóibh‐sean ag a bhfuil grádh dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir bíonn grádh ag na peacachaibh féin dóibh‐sean do‐bheir grádh dhóibh.
Beiridh beannacht chum na mbráthar atá i Laodicia, agus chum Nimfa, agus chum na h‐eaglaise atá ’n‐a tigh.
Óir cia an t‐adhbhar maoidhmheachais é, nuair ghníos sibh peacadh, agus go bhfághann sibh droch‐íde d’á bhárr, é do ghlacadh go foighdeach? acht má ghlacann sibh go foighdeach é, nuair ghníos sibh mar ba cheart, is nidh sin thaithneas le Dia.