Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.
Matha 26:74 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin thoisigh sé a mhallughadh agus a mhionnughadh nach raibh aithne aige ar an fhear. Agus ar an bhall scairt an coileach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. An Bíobla Naofa 1981 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. |
Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.
Adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, sara nglaodhfaidh an coileach anocht féin, go séanfair mé fá thrí.
Agus tar éis scathaimh bhig tháinig siad‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, agus adubhradar le Peadar, Go dearbhtha is duine dhíobh súd thusa; óir scéitheann blas do chainnte ort.
Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.
Agus adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, an lá indiu, anocht féin, sara nglaodhfaidh an coileach an dara h‐uair, go séanfair mé fá thrí.
Acht do shéan seisean, agus adubhairt, Ní fhuil a fhios agam, ná ní thuigim créad adeirir: agus do chuaidh sé amach taobh amuigh de’n chúirt; agus do ghlaodh an coileach.
Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh. Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, do ghlaodh an coileach.
Óir do thoileochainn go mbéinn féin fá mhallacht ó Chríost ar son mo bhráithreach, mo dhaoine muinnteardha do réir na feola:
An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe.