Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:74 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

74 Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

74 Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

74 Annsin thoisigh sé a mhallughadh agus a mhionnughadh nach raibh aithne aige ar an fhear. Agus ar an bhall scairt an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

74 Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

74 Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

74 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

74 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:74
19 Tagairtí Cros  

Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.


Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire.


Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tú.


Agus do chuímhnigh Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa; Sar a nglaoldh-fidh an coileach séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.


Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht.


Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair.


Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n halla; agus do ghlaoidh an coileach.


Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach.


Do shéan Peadar airís: agus do ghlaoidh an coileach láithreach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí