Matha 26:74 - An Bíobla Naofa 198174 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)74 Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara74 Annsin thoisigh sé a mhallughadh agus a mhionnughadh nach raibh aithne aige ar an fhear. Agus ar an bhall scairt an coileach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)74 Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)74 Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)74 Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201274 Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. Féach an chaibidil |