agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh.
Matha 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a d’airigh rí Ioruadh seo, bhí buaidhreamh air, agus ar Ierusalem uilig ina theannta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. |
agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh.
Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost.
A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!
Agus do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh: féachaidh chuige nach dtiocfaidh buaidhirt aigne oraibh: óir caithfidh na neithe sin do theacht chum críche; acht ní fhuil an deireadh ann fós.
Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?
Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh, ná bíodh buaidhirt oraibh: caithfidh na neithe seo teacht; acht ní fhuil an deireadh ann fós,
agus mío‐shásamh mór ortha toisc iad bheith ag teagasc na ndaoine, agus ag craobhscaoileadh an aiséirghe ó na marbhaibh i bpearsain Íosa.