Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.
Matha 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nuair do chonnacadar an réalta tháinig luthgháir mhór orta. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a chonnaic siad an réalt, líonadh le h-áthas as cuimse iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. |
Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.
Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh.
Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile:
Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo.