Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair:
Matha 17:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus dʼéirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus h-athruigheadh a chruth ina bhfiadhnaise. Agus shoillsigh a aghaidh mar an ghréin: agus d’éirigh a chuid éadaigh geal mar shneachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus mʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. |
Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair:
Agus do bhí a ghnúis mar an teintreach, agus do bhí a éadaighe chomh geal leis an sneachta:
agus d’éirigh a éadaighe an‐lonnrach, an‐gheal; ar chuma nach bhféadfadh aon úcaire ar talamh a ngealadh.
Agus le linn guidhe dhó, tháinig athrú gné air, agus d’éirigh a éadaighe geal, lonnrach.
Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.
A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.
Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.
Agus do chonnacas aingeal tréan eile ag teacht anuas ó neamh, néall mar chlúdach air, agus bogha ceatha os a chionn, agus do bhí a ghnúis cosmhail leis an ngréin, agus bhí a chosa cosmhail le colamhnaibh téineadh;
Agus do chonnacas righ‐chathaoir mhór, gheal, agus an té do bhí ’n‐a shuidhe innti, gur theich an talamh agus neamh ó n‐a ghnúis; agus ní raibh áit le fágháil dóibh.