Eoin 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Do labhair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a shúl chum neimhe, adubhairt sé, A Athair, atá an uair tagtha; tabhair glóir dod’ Mhac, chum go dtiubhradh an Mac glóir dhuit‐se: 2 fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh. 3 Agus is í seo an bheatha shíorraidhe, aithne do bheith aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneach, agus ar an té do chuiris uait, Íosa Críost. 4 Thugas‐sa glóir dhuit ar talamh, ag críochnú na h‐oibre thugais dom le déanamh. 5 Agus anois, a Athair, tabhair‐se glóir dhamh‐sa, i n‐éinfheacht leat féin, leis an nglóir do bhí agam id’ fhochair sara raibh an domhan ar bun. 6 D’fhoillsigheas t’ainm do na daoinibh thugais dom as an saoghal: ba leat‐sa iad, agus thugais damh‐sa iad; agus do chóimhéadadar do bhriathar. 7 Atá a fhios aca anois gur ab uait‐se gach a dtugais dom: 8 óir na briathra thugais dom, thugas dóibh‐sean iad, agus do ghlacadar iad, agus do bhí a fhios aca go fíor gur ab uait‐se tháinig mé, agus do chreideadar gur tusa do chuir uait mé. 9 Is ortha‐san ghuidhim: ní h‐ar an saoghal ghuidhim, acht ortha‐san thugais dom; óir is leat‐sa iad: 10 agus is leat‐sa gach nidh is liom‐sa: agus atáim glóirighthe ionnta. 11 Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne. 12 An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir. 13 Acht atáim ag teacht chugat anois; agus atáim ag labhairt ar an gcuma so san tsaoghal, chum go mbéadh m’áthas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin. 14 Thugas‐sa dhóibh do bhriathar‐sa; agus thug an saoghal fuath dhóibh, de chionn nach de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise. 15 Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoghal, acht iad do chosaint ar an olc. 16 Ní de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise. 17 Coisric san bhfírinne iad: is fírinne do bhriathar‐sa. 18 Fá mar chuiris mise chum an tsaoghail, do chuireas‐sa chum an tsaoghail iad‐san, chómh maith. 19 Agus is ar a son‐san choisreacaim mé féin, chum go mbéidís féin coisreactha san bhfírinne. 20 Ní h‐ar a son‐san amháin atáim ag guidhe, acht ar son na ndaoine chreideas ionnam tré n‐a mbriathar; chum go mba aon iad uile; 21 fá mar atáir‐se, a Athair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéadh siad‐san ionainn, chómh maith: chum go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris uait mé. 22 Agus an ghlóir thugais damh‐sa, thugas‐sa dhóibh‐sean í; ionnas go mba aon iad, fá mar is aon sinne; 23 mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; chum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéadh a fhios ag an saoghal gur chuiris uait mé, agus go dtugais grádh dhóibh‐sean, fá mar thugais grádh dhamh‐sa. 24 A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain. 25 A Athais fhiréin, níor aithin an saoghal mé, acht d’aithnigheas‐sa thú; agus do bhí a fhios aca‐san gur chuiris‐se uait mé; 26 agus d’fhoillsigheas t’ainm dóibh, agus foillseochad é; ionnas, an grádh thugais dom, go mbéidh sé ionnta‐san, agus go mbéidhead‐sa ionnta. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society