Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus dʼéirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus h-athruigheadh a chruth ina bhfiadhnaise. Agus shoillsigh a aghaidh mar an ghréin: agus d’éirigh a chuid éadaigh geal mar shneachta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus mʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:2
17 Tagairtí Cros  

tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;


“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?”


Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.


Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.


Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.


agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad.


Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.


Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.


Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí