Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus féach, do taidhbhrigheadh dhóibh Maois agus Élias, agus iad ag cainnt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼshiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus féach, chonnacthas dóibh Maoise agus Elías agus iad ag cainnt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus, féuch, do taidhbhrigheadh dhóibh Máoise, agus Elías, a ccomhrádh ris.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:3
22 Tagairtí Cros  

agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas.


Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí botha, both dhuit‐se, both do Mhaois, agus both d’Élias.


Agus do taidhbhrigheadh dhóibh Élias i n‐éinfheacht le Maois: agus iad ag cómhrádh le h‐Íosa.


Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna.


Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti.


Agus ag tosnú dhó le Maois agus leis na fáidhibh, do mhínigh sé dhóibh gach a raibh ins na scrioptúiribh ’n‐a thaobh féin.


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


Agus tharla, nuair do bhíodar‐san ag imtheacht uaidh go ndubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: déanaimís trí botha; both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias: agus gan a fhios aige créad do bhí aige d’á rádh.


Óir tugadh an reacht tré Mhaois, acht tháinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí