Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do bhí a ghnúis mar an teintreach, agus do bhí a éadaighe chomh geal leis an sneachta:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 A ghnúis mar chaor thine agus a bhaill éadaigh ar ghile an tsneachta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus bhí a ghné mar splainnc, agus a éadach mar shneachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do bhí a ghnúis mar mar theinnteach, agus a éadach geal mar shneachda:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:3
14 Tagairtí Cros  

agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas.


agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh.


Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha.


agus d’éirigh a éadaighe an‐lonnrach, an‐gheal; ar chuma nach bhféadfadh aon úcaire ar talamh a ngealadh.


agus sa ngol dí do chonnaic sí an bheirt aingeal i n‐éadach geal ’n‐a suidhe, aingeal aca ag a cheann, agus aingeal ag a chosaibh, mar ar leagadh corp Íosa.


Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar.


Agus do chonnacas aingeal tréan eile ag teacht anuas ó neamh, néall mar chlúdach air, agus bogha ceatha os a chionn, agus do bhí a ghnúis cosmhail leis an ngréin, agus bhí a chosa cosmhail le colamhnaibh téineadh;


Tar éis na neithe seo do chonnacas aingeal eile ag teacht anuas ó neamh, agus cumhacht mhór aige; agus do lonnruigh an talamh le n‐a ghlóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí