Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féach, tháinig crioth mór talmhan; óir tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus d’iontuigh sé an chloch, agus do shuidh sé uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bʼshiúd crith talaimh mór: aingeal ó Dhia ag tuirlingt ó neamh agus ag iontú na cloíche siar agus ag suí uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus féach, bhí crathadh mór talaimh ann. Óir thuirling aingeal leis an Tighearna ó neamh, agus tháinic sé gur thionntuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch agus shuidh sé uirthi;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:2
12 Tagairtí Cros  

agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé.


D’imtigheadar‐san, agus do dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus an gárda ’n‐a bhfochair.


Agus an chéad lá de’n tseachtmhain tháinig Máire Mhagdaléne go moch ar maidin, agus an dorchacht ann fós, go dtí an tuama, agus do chonnaic sí go raibh an leac tógtha ó’n tuama,


agus go h‐obann d’éirigh luascadh mór talmhan, i dtreo go raibh bun an phríosúin d’á shuathadh: agus ar an láthair bhí dóirse an phríosúin ar leathadh; agus geimhleacha gach duine scaoilte.


Acht d’fhoscail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin san oidhche, agus thug sé amach iad, agus adubhairt,


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Do nochtadh dhóibh, nach dóibh féin, acht daoibh‐se do bhíodar ag dáileadh na neithe úd atá curtha i dtuigsin daoibh anois aca‐san do sheanmóir an soiscéal daoibh tríd an Spiorad Naomh do cuireadh ó neamh; neithe is mian le h‐ainglibh a scrúdú.


Agus do foscladh teampall Dé ar neamh; agus do nochtadh airc a chonnartha istigh ’n‐a theampall; agus do bhí teinnteacha, agus glórtha, agus tóirneacha, agus crioth talmhan, agus cloich‐shneachta mór ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí