Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide.
Matha 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt Íosa leo: Nó nár léigh sibh cad é rinne Dáibhidh nuair a bhí ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocras air féin, agus ar an mhuinntir do bhí ná fharradh; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? |
Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide.
cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus d’ith sé arán na h‐íodhbartha, nár dhleaghthach dó‐san d’ithe, ná do’n muinntir do bhí ’n‐a fhochair, acht amháin do na sagartaibh?
Nó, an é nár léigheabhar sa dlighe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan bheith cionntach?
Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé,
Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán?
An é nár léigheabhar an scrioptúir seo: An chloch d’ar dhiúltaigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí:
Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad; nár léigheabhar i leabhar Mhaoise, mar a dtráchtar ar an sceich, cionnas do labhair Dia leis, ’g‐a rádh, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib?
Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, An é nár léigheabhar i dtaobh Dháibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair;