Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Acht dubhairt Íosa leo: Nó nár léigh sibh cad é rinne Dáibhidh nuair a bhí ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocras air féin, agus ar an mhuinntir do bhí ná fharradh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:3
13 Tagairtí Cros  

Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide.


Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d’ith sé na bulóga a bhí curtha i láthair Dé, nídh nár, cheaduighthe dhó a dh’ithe, ná do’n mhuintir a bhí le n-a chois, ná d’aoinne ach dos na sagairt amháin?


Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh?


Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé:


Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh:


Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n-a cloich chinn cúinne;


I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.


Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú?


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí