Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh?
Lúcás 8:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de créad ba chiall do’n tsamhlaoid sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a dʼfhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh a dheisciobail de cad é ba chiall leis an fháithscéal seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhiáfruigheadar a dheisciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamhachdsin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dʼfhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin. An Bíobla Naofa 1981 Ach d'fhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin. |
Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh?
Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.
Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé leis, Mínigh dhúinne an tsamhlaoid úd.
Agus nuair do bhí sé ’n‐a aonar, na daoine do bhí ’n‐a thimcheall i n‐éinfheacht leis an dá‐réag, d’iarradar air brigh na samhlaoide do mhíniú dhóibh.
agus níor labhair sé leo acht i samhlaoidibh: acht do mhínigh sé gach aon nidh i leathtaoibh d’á dheisceablaibh féin.
Ní seirbhísigh ghlaodhaim oraibh feasta; óir ní h‐eol do’n tseirbhíseach céard do‐ghní a thighearna: acht thugas cáirde oraibh; óir gach a gcualas óm’ Athair thugas le fios daoibh‐se.