Lúcás 7:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is aoibhinn do’n té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnaim‐se. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is beannaithe nach nglacann scannal liomsa.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus is beannuighthe an té ar bith nach bhfuighidh scainneal ionnam-sa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus as beannaighthe an té, nach bhfuighe oilbhéim ionnumsa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.” An Bíobla Naofa 1981 Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.” |
agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh;
Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh.
Agus nuair do bhí deisceabail Eoin imthighthe, do thosnuigh sé ar a rádh leis an sluagh i dtaobh Eoin, Créad é go ndeachabhar amach sa bhfásach le n’fheicsin? giolcach d’á luascadh ag an ngaoith?
Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta.