1 Corantaigh 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, nuair thánag chugaibh, ní le h‐árd‐chainnt ná le gliocas thánag, ag fógairt rúindiamaire Dé dhaoibh. 2 Óir bhí sé de rún agam gan aon eolas bheith agam ’n‐bhur measc acht amháin ar Íosa Críost, agus é céasta. 3 Agus do bhíos i n‐éinfheacht libh i laige, agus i n‐eagla, agus i gcriothnú mór. 4 Agus ní briathra blasta gliocais do bhí im’ chainnt agus im’ sheanmóireacht, acht lán‐dearbhú an Spioraid agus cumhacht: 5 chum, nach ar ghliocas daonna, acht ar chumhacht Dé, do sheasfadh bhur gcreideamh. 6 Acht cheana labhraimíd eagnaidheacht i measc na ndaoine n‐eolgach: ní h‐í eagnaidheacht an tsaoghail seo í, ná eagnaidheacht lucht ceannais an tsaoghail seo atá ag dul ar neamhnidh: 7 acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail; 8 eagna nach raibh eolas ag lucht ceannais an tsaoghail seo uirthi, óir dá mbéadh eolas aca uirthi, ní chéasfaidís Tighearna ná glóire: 9 acht mar atá scríobhtha, Ní fhaca súil, agus ní chuala cluas, Ní tháinig isteach i gcroidhe an duine, Na neithe do chuir Dia i n‐áirithe do na daoinibh go bhfuil grádh aca dhó. 10 Acht do nocht Dia dhúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduigheann an Spiorad an uile nidh, go fiú neithe doimhne Dé. 11 Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neithe bhaineas leis an duine, acht amháin spiorad an duine atá istigh ann? Ar an geuma chéadna sin ní h‐eol d’aoinneach na neithe bhaineas le Dia, acht amháin do Spiorad Dé. 12 Acht ní h‐é spiorad an tsaoghail fuaramair‐ne, acht an spiorad thig ó Dhia; chum go mbéadh eolas againn ar na neithibh bhronnas Dia go fial orainn. 13 Is ar na neithibh sin labhraimíd, ní i mbriathraibh mhúineas eagna dhaonna, acht an méid mhúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neithe spioradálta le neithibh spioradálta. 14 Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta. 15 Acht an té atá spioradálta breathnuigheann sé an uile nidh, agus ní fhuil sé fá bhreith duine ar bith. 16 Óir cia h‐é do thuig aigne an Tighearna, go dtiubhradh sé teagasc dó? Acht is í aigne Chríost atá againne. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society