atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.
Lúcás 7:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí dʼEoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh, go bhfuil radharc ag na daill, go bhfuil siubhal ag na bacaigh, go nglantar na lobhair, go bhfuil éisteacht ag an bodhair, go n-éirigheann na mairbh, go bhfuil an soiscéal dá theagasc do na bochta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d’Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chonacabhair; radharc ’á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d’á nglanadh, éisteacht ’á thabhairt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soisgéal d’á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. |
atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.
Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad.
Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,
Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall,
Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú.
le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.
Óir do bhí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neamh‐ghlana amach, ag éigheamh go h‐árd: agus do leigheasadh mórán go raibh pairilis ortha, agus do bhí ’n‐a máirtíneachaibh.
Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?