Lúcás 5:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht is amhlaidh is mó a leathnuigh iomrádh air, agus chruinnigh sluaighte móra le h-éisteacht leis agus le leigheas d’fhagháil ó n-a gcuid galar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach sin mar ba mhó do leat an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais. An Bíobla Naofa 1981 Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais. |
Acht d’imthigheadar‐san amach, agus do leathadar a chlú ar fud na dúithche sin uile.
Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.
Acht d’imthigh Íosa agus a dheisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluagh mór é ó’n nGalilé,
Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.
Agus do bhí sluaighte daoine ag dul i n‐éinfheacht leis: agus do chas sé, agus adubhairt sé leo,
Agus do lean sluagh mór daoine é, mar do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé ortha‐san do bhí breoite.
Ar an gcuma chéadna bíonn deagh‐oibreacha ann atá follusach; agus na deagh‐oibreacha nach bhfuil follusach ní féidir a gceilt.