Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe. Agus d’órduigh sé dhó gan a innsin d’aon duine: acht imthigh, agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair i n‐éiric do ghlanta mar órduigh Maois duit, mar fhiadhnaise dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus thug sé rabhadh dó gan a insint dʼaon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar dʼordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus d’órduigh sé dó gan innse d’aoinneach, acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan ofráil ar son do ghlanta mar d’órduigh Maoise, mar fhiadhnaise dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a d’órduigh; Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Agus thug sé ordú dó gan a insint dʼaon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:14
12 Tagairtí Cros  

agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.


agus do leigheas né iad go léir, agus d’órduigh sé dhóibh gan é do chur i n‐umhail:


Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus do foscladh a súile. Agus thug Íosa foláireamh dhoibh, g‐á rádh, Tabhraidh aire gan a fhios sin do bheith ag aoinneach.


agus adubhairt sé leis, Seachain labhairt le h‐aon duine; acht imthigh agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta na neithe d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus cibé áit nach nglacfaidh sibh, agus nach n‐éistfidh libh, ag imtheacht daoibh as an áit sin, crothaidh an luaithreadh de bhonnaibh bhúr gcos mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.


Agus nuair do chonnaic sé iad, adubhairt sé leo, Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do na sagartaibh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh, gur leigheasadh iad.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú.


Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí