Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a d’órduigh; Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus thug sé rabhadh dó gan a insint dʼaon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar dʼordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus d’órduigh sé dó gan innse d’aoinneach, acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan ofráil ar son do ghlanta mar d’órduigh Maoise, mar fhiadhnaise dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe. Agus d’órduigh sé dhó gan a innsin d’aon duine: acht imthigh, agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair i n‐éiric do ghlanta mar órduigh Maois duit, mar fhiadhnaise dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Agus thug sé ordú dó gan a insint dʼaon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:14
12 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n-iúil.


Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.


Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne.


Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h-innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin.


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad.


Agus do shin sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach.


Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí