Lúcás 4:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. Dʼoscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tugadh dó leabhar Isaiais, fáidh. Agus nuair a d’fhoscail sé an leabhar, fuair sé an áit ina raibh scríobhtha: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: An Bíobla Naofa 1981 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa: |
Óir adeir Dáibhi féin i leabhar na Salm, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo Láimh dheis,
Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh.
Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,
Agus do dhún sé an leabhar, agus thug sé ar ais do’n fhreastalaidhe é, agus do shuidh sé síos: agus do bhí súile a raibh sa teampall ag féachain go géar air.
Agus nuair do bhí léigheadh an reachta agus na bhfáidh déanta, do chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chuca, g‐á rádh, A bhráithreacha, má tá focal congantach le h‐aghaidh an phobail agaibh, labhraidh.
Óir na daoine chómhnuigheas i nIarúsalem, agus a riaghlóirí, toisc gan aithne bheith aca airsean, agus gan eolas bheith aca ar bhriathraibh na bhfáidh léightear gach sabóid, do chóimhlíonadar a ndubhradar g‐á dhaoradh.
Acht d’iompuigh Dia, agus thug sé suas iad chum sluagh neimhe d’adhradh: mar atá scríobhtha i leabhar na bhfáidh, An beithidhigh marbha agus íodhbarta d’ofráileabhar dom Ar feadh dá fhichid bliadhan san bhfásach, a theaghlaigh Israel?