Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tá an dallán ina láimh aige leis an arbhar a cháitheadh, lena urlár buailte a ghlanadh, agus cruinneoidh sé an chruithneacht isteach ina iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine dho-mhúchta.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tá a shluasad cháithte iná láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár, agus cruinneochaidh sé an chruithneacht isteach ina scioból, acht dóighfidh sé an lóchán le teinidh dho-mhúchta.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

Féach an chaibidil



Lúcás 3:17
9 Tagairtí Cros  

go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.


agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.


Is iomdha spreagadh eile thug sé do na daoinibh, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dóibh;