Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.
chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.
Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.
Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so.