Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag dʼlosrael.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Go n-ithidh agus go n-ólaidh sibh ag mo thábla i mo ríoghacht, agus go suidhidh sibh ar chathaoireacha ríoghdha ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá-threibh dhéag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus in bhur suí i rí-chathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:30
16 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.


Agus adeirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n domhan thoir agus ó’n domhan thiar, agus go suidhfidh siad i bhfochair Abrachaim, agus Íosóig,


Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé.


má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:


Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte.


Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so.


An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean.


Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí