Lúcás 14:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Agus ar a chluinstin sin do dhuine áirithe a bhí ina shuidhe ag an tábla ina chuideachta, dubhairt sé leis: Is beannuighthe an té a íosas arán i ríoghacht Dé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht De. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198115 Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!” Féach an chaibidil |