Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 20:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Mar sin de goireann Dáibhi Tighearna dhe, agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar an adhbhar sin, bheir Dáibhidh Tighearna air, agus cad é mar tá sé ina mhac aige?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé ’n-a mhac aige?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”

Féach an chaibidil



Lúcás 20:44
10 Tagairtí Cros  

Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac, Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn.


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos.


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, agus na daoine go léir ag éisteacht,


gur leo na h‐aithreacha, agus gur uatha‐san do shíolruigh Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile nidh, Dia beannuighthe go deo. Amén.


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Atá m’aingeal curtha agam‐sa, Íosa, chum na neithe seo do dhearbhú dhaoibh ins na h‐eaglaisibh. Is mise fréamh agus sliocht Dáibhí, réalta ghlé‐gheal na maidne.