Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar.
Lúcás 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chonaic siad é dʼinis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic siad, thuig siad an rud a dubhradh leo fá’n leanbh seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ar a fheiceáil dóibh, dʼinis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. An Bíobla Naofa 1981 Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. |
Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar.
Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh.
Agus ag teacht di‐se, an uair chéadna sin, thug sí buidheachas do Dhia, agus do labhair sí ’n‐a thaobh le gach duine do bhí ag tnúth le fuascailt Iarúsalem.
Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.