Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus nuair a chonaic siad é dʼinis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus nuair a chonnaic siad, thuig siad an rud a dubhradh leo fá’n leanbh seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Agus ar a fheiceáil dóibh, dʼinis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:17
10 Tagairtí Cros  

Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.


Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.


Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.


Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo.


Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.


“Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí