Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais.
Lúcás 12:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ní fhuil éinnidh fá chéilt nach nochtfar, ná i bhfolach nach dtiocfaidh chum eolais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl ní dá gcumhdaítear nach nochtfar, ná ní dá gceiltear nach mbeidh ar eolas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní fhuil dadamh foluighthe, nach bhfoillseochar, ná aon nídh fá cheilt, nach mbéidh fios air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní bhfuil einní foluightheach, nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicreideach, nach bhfuighthear a fhios. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An Bíobla Naofa 1981 Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. |
Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais.
Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais.
nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiubhraidh Dia breith ar rúnaibh na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo shoiscéil‐se.
D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.
Óir caithfimíd uile dul i láthair cathaoireach breitheamhnais Chríost; chum go bhfaigheadh gach aoinneach cúiteamh a ndearna sé san gcolainn, do réir a ghníomhartha, cia aca maith nó olc iad.