óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh ar an uair sin cad ba cheart daoibh do rádh.
Lúcás 12:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair le mo dhearbhráthair an oighreacht a roinn liom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mhaighistir, abair lem’dhritháir an oighreacht do raint liom. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.” |
óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh ar an uair sin cad ba cheart daoibh do rádh.
Acht adubhairt seisean leis, A dhuine, cia cheap mise chum bheith im’ bhreitheamh nó im’ mholtóir ós bhúr gcionn?
Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal.
conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.