Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair le mo dhearbhráthair an oighreacht a roinn liom.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mhaighistir, abair lem’dhritháir an oighreacht do raint liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:13
7 Tagairtí Cros  

Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.”


Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”


Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.


agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí