Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Acht dubhairt seisean leis: A dhuine, cé thogh mise mo bhreitheamh nó mo roinnteoir oraibh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Acht adubhairt seisean leis, A dhuine, cia cheap mise chum bheith im’ bhreitheamh nó im’ mholtóir ós bhúr gcionn?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus a dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó am rannadóir?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun a bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:14
11 Tagairtí Cros  

“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”


Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.


Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”


I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!”


Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”


Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.


“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”]


Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.


Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n‑éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo?


Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí