Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal.
Matha 8:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” An Bíobla Naofa 1981 ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” |
Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal.
Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.
Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.
D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.
Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.
Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.
Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.
Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n-ár n-aithreachaibh nuair a dubhairt sé le h-Ábhraham: “Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.”