Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Matha 8:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala Íosa an chaint sin uaidh, rinne sé iontas de, agus dúirt sé le lucht a leanúna, “Deirim libh i bhfírinne, ní bhfuair mé a leithéid de chreideamh in Iosrael féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ghá leanamhaint: Amén, adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar na cluinsin só Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an mhuinntir do bhí na dhiáigh, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh, eadhon, a Níosráel. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí dá leanúint: “Deirim libh go fírinneach, nach bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. |
Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,
Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é.
Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.
Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit.
Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.
Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.
Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt?