Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheam.
Matha 6:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar atá maite againn dár bhféichiúnaithe; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimíd-inne dár bhfiachamhnaibh féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimid-ne dár bhféichiúna féin; An Bíobla Naofa 1981 agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin; |
Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheam.
Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit.
Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.
Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc.
Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem?
Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar daoibh.
Bíod a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara a bhráithre, gur tríd sin a fógartar daoibhre maitheamhnachas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neithe ná féadfadh fíoraontacht a thabhairt daoibh i ndlighe Mhaoise.